Príomhleathanach
Ó Gaelvicí.
[athraigh] Fáilte chuig an nGaelvicí
[athraigh] AN GAELVICÍ
Bunaíodh an Gaelvicí ar an naoú lá fichead de Mhí na Samhna, 2006, mar chiclipéid foinse oscailte do lucht taighde na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Fáiltíonn an Gaelvicí roimh aon duine a bhfuil scríobh na dea-Ghaeilge aige agus é ábalta rud éigin fónta a rá i dtaobh chultúr na hÉireann, ach díríonn sé, thar aon dream eile, orthu siúd a bhfuil céim agus feidhm ollscoile acu, agus iad saineolach ar ghné éigin de chultúr na hÉireann. Dá réir sin, caithfidh gach aon chomhoibrí é féin a chlárú faoina ainm agus a shloinne féin nó cuntas úsáideora a chruthú faoi ainm cleite a bhfuil a fhíor-ainm le haithint go furasta air. Mar shampla, más é Máirtín Mac Giolla Pádraig atá ort, impítear ort tú féin a chlárú faoin ainm cleite MairtinMacGiollaPadraig nó MartinFitzpatrick, agus ba chóir duit a thabhairt le fios freisin cá bhfuil tú ag obair agus cén chéim ollscoile atá agat. I do chomhalta duit, beidh ar do chumas do chuid dintiúirí léinn a chur ar taispeántas ar do chlár cinn féin.
Ní ghlacfar le bolscaireacht ar son aon chúis pholaitiúil, reiligiúnda nó eitnireiligiúnda ar leith, go háirithe má bhaineann an bholscaireacht sin d'intuigtheacht nó d'inléiteacht an téacs. Ní ghlacfar le droch-Ghaeilge ach an oiread. Cuirfear dea-Ghaeilge uirthi de réir na tuisceana is fearr is féidir a bhaint aisti, agus más é an drochthuiscint é, ar an chéadscríbhneoir a bheidh an locht.
[athraigh] AN POLASAÍ TEANGA
Níl sé ceadaithe ábhar Béarla ná altanna Béarla a fhoilsiú ar an nGaelvicí. Má chuireann tú alt Béarla isteach, scriosfar go míthrócaireach é. Is í an t-aon eisceacht ná na haltanna faoin nGaeilge féin. Mar shampla, is féidir úsáid a bhaint as an mBéarla ar an leathanach How to translate the English preposition "for" into Irish. Ní chuirtear srianta ar bith leis na téamaí is féidir a chardáil as Gaeilge, áfach, ach amháin go gcaithfidh sé go bhfuil baint éigin acu le hÉirinn.
Níl sé ceadaithe ach an oiread úsáid a bhaint as an seanlitriú, nó ní mór an t-ábhar a choinneáil soléite ag na gnáthléitheoirí. Tá Lámhleabhar Stíle le heisiúint fós le treoirlínte a leagan amach faoi úsáid na gcanúintí. Go bunúsach, má thagann canúint áirithe leat go nádúrtha, ní choiscfidh mé ort glan amach í a úsáid, ach má úsáideann tú foirmeacha nó litriú nach bhfuil le fáil sa leagan iomlán d'fhoclóir Néill Uí Dhónaill, ceartófar iad gan do chead féin. Tá sé ceart go leor athfhoirmeacha seanbhunaithe a úsáid, cosúil le caithfead nó a iompós, ach ní ghlacfar le litriú nach bhfuil de riachtanas leis ach foghair na canúna taobh amuigh de thagairtí do bhuntéacs éigin. Mar shampla, níl sé ceadaithe do dh'éirigh in áit d'éirigh a scríobh, ós rud é nach bhfuil a leithéid ag teastáil ach amháin le miontréithe fhuaimniú na canúna Muimhní a léiriú.
[athraigh] Rabhadh do Dhaoine ar Bheagán Gaeilge
Please note that the Gaelvicí is meant to be a scholarly resource written by people with very good Irish language skills and that you are supposed to sign up and get a user-name, which should be traceable and as nearly your real name as technologically possible. Anonymous contributions in elementary Irish are definitely NOT wanted and will be erased mercilessly. You are welcome to contribute, if you can read the Irish-language parts of this Main Page, and if you can make an intelligent contribution concerning Irish Studies in good Irish. You are supposed to be academically qualified to write about things Irish in the Irish language. If your name is Gearóid Ó Tuathaigh, Éamon Ó Cíosáin, Nollaig Mac Conghail, Lillis Ó Laoire or something on their level, tá fáilte romhat do chuid ábhair a chur leis an Vicí seo. Otherwise you are only allowed to use this Wiki as a learning resource.
[athraigh] CLÁR ÁBHAIR
Níl anseo ach treoir don chineál ábhair is túisce a theastóidh, agus ar ndóigh, is féidir leat bun a chur le halt nua nach bhfuil le feiceáil sa "chlár ábhair" seo. Tá súil agam, áfach, go bhfágfaidh tú nasc don alt nua san áit oiriúnach.
[athraigh] Stair na hÉireann
[athraigh] Miotaseolaíocht na hÉireann
[athraigh] Béaloideas na hÉireann
- Scéalaíocht
- Seanchaithe
- Tomhais
- Seanfhocail
- Na Críocha Déanacha
- Beannachtaí agus Urnaithe
- Nósanna
- Amhráin
[athraigh] Litríocht na hÉireann
