Lifestyle
 

Comhar

Ó Gaelvicí.

Iris mhíosúil Ghaeilge í 'Comhar' ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha. Bhunaigh lucht na heagraíochta idir-ollscoile An Comhchaidreamh sa bhliain 1942 í. Ón gcéad lá riamh tá an iris ina fóram do scríbhneoirí nua Gaeilge agus is ar léitheoirí a bhfuil oideachas orthu atá sí dírithe. Ba é Breandán Ó hEithir an duine is mó aithne air a bhí ina eagarthóir ar an iris; scríbhneoirí móra le rá a raibh ailt dá gcuid foilsithe ar an iris is ea Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley agus Seán Mac Mathúna.

Foilsíonn Comhar dornán beag de leabhair freisin.

Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí an iris a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. Mí an Mheithimh 2008 áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.

Ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarthóir ar an iris samhradh 2008 ach d'éirigh sé as mí na Samhna 2008 mar gur theastaigh, dar leis, ó Bhord Chomhar a ladhar a chur isteach ar eagarthóireacht na hirise. Tá Pól Ó Muirí ina eagarthóir ar bhonn sealadach ó bhí Nollaig 2008 ann.

[athraigh] Foinsí

[athraigh] Naisc sheachtracha