Lifestyle
 

Cosslett Ó Cuinn

Ó Gaelvicí.

Tháinig Cosslett William Charles Quin, a thug Cosslett Ó Cuinn air féin as Gaeilge, tháinig sé chun saoil i nDoire Achaidh, Contae Aontroma, in aice le Béal Feirste ar an seachtú lá fichead de Mhí Feabhra sa bhliain 1907, agus d'éag sé ar an séú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1995. Bhí a athair ina bhiocáire in Eaglais na hÉireann. Sna blianta 1916-1920, chuaigh sé ar scoil i nGráinseach na Mórna, ach ina dhiaidh sin, bronnadh scoláireacht air a thug go Coláiste Columba i Ráth Fearnáin é.

Nuair a bhí Cosslett óg ag freastal ar an scoil i Ráth Fearnáin, phléasc an Cogadh Cathartha amach. Bhí a thuismitheoirí buartha faoi, agus é ag tógáil léinn i bhfad amach uathu, i gcroílár na n-imeachtaí cogaidh, mar a chonacthas dóibh. Mar sin, b'fhearr leo é a aistriú go scoil eile a bhí suite ní ba chóngaraí dóibhsean, Coláiste Campbell i mBéal Feirste. B'ansin a chaith Cosslett na blianta 1922-1925.

Ina dhiaidh sin, chuaigh Cosslett go Coláiste na Tríonóide le staidéar a dhéanamh ar na teangacha Clasaiceacha (1925-1929), agus ina dhiaidh sin, ar an diagacht.

Maidir leis an nGaeilge, nuair a bhí sé óg, fuair sé aithne ar dhuine de na cainteoirí deireanacha dúchais i gCúige Uladh a bhí ina bProtastúnaigh, agus is é an chéad abairt a d'fhoghlaim sé sa teanga, mar a d'insíodh sé níos deireanaí, ná Go hIfreann leis an Phápa.

Is stumpa é an leathanach seo, is é sin, leathanach neamhchríochnaithe a bhfuil tuilleadh eolais de dhíth le snas ceart a chur air.

[athraigh] Foinsí:

Risteard Ó Glaisne: Cosslett Ó Cuinn. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1996.