Lifestyle
 

Lámhleabhar Stíle

Ó Gaelvicí.

[athraigh] Lámhleabhar Stíle don Ghaelvicí

[athraigh] Seo na rudaí NACH gceadaítear ar an nGaelvicí:

  • Na "dh"'anna breise a bhíonn in úsáid ag muintir Chúige Mumhan le mionsonraí a bhfuaimnithe a chur in iúl. Ní cuid den Chaighdeán iad.
  • An nós a bhíonn ag muintir Chúige Mumhan gan úsáid a bhaint as na réimíreanna briathartha gan -r in aimsir chaite na mbriathar rialta. Mar sin, ná scríobh "an gcaith sé?" in áit "ar chaith sé?".
  • An forcheartú: ná scríobh "ar chaithfeadh sé?" in áit "an gcaithfeadh sé?"
  • An seanlitriú (nó an sean-"litriughadh"), mura bhfuiltear ag trácht ar na difríochtaí idir an seanlitriú agus an litriú caighdeánach.

[athraigh] Seo na rudaí a cheadaítear ar an nGaelvicí:

  • Na hiarmhíreanna pearsanta Muimhneacha:
  • san aimsir chaite - chaitheas, chaithis, chaitheamar (ach ná déan chaitheamair de, ós rud é nach bhfuil de bhunús leis sin ach foghraíocht na canúna), chaitheabhair (ach ná déan chaithiúir de), chaitheadar. Coinnigh cuimhne air, áfach, gurb iad chuala agus thánag na foirmeacha stairiúla den chéad phearsa uatha in aimsir chaite na mbriathar úd cloisteáil agus teacht. Foirmeacha analachúla iad chualag agus thána, agus is fearr gan dul ina dtuilleamaí sa teanga scríofa.
  • san aimsir fháistineach - caithfead, caithfir, caithfeam, caithfid
  • san aimsir láithreach - caithim, caithimid, caithid. Ba chóir, áfach, gan foirmeacha ar nós thát(h)ánn tú a úsáid.


Is stumpa é an leathanach seo, is é sin, leathanach neamhchríochnaithe a bhfuil tuilleadh eolais de dhíth le snas ceart a chur air.