Seanfhocail
Ó Gaelvicí.
[athraigh] Seanfhocail Ghaeilge in ordú aibítre
- A bhuachaill, beir buartha chun go bpósair, agus ansin ní bheidh suaimhneas go deo agat. (Cairbre) [Caighdeánaithe:] A bhuachaill, beidh tú buartha chun go bpósfaidh tú, agus ansin, ní bheidh suaimhneas go deo agat.
- Aifreann an Domhnaigh ná lig uait,
- más fliuch fuar a bhéas an mhaidin
- ar eagla nach mairfeá Dé Luain
- is gurb í an uaigh do leaba.
- (Maigh Eo)
- An áit a n-ólfaidh an t-uan an bainne, beidh sé ag tabhairt iarraidh air. (Tír Chonaill)
- An áit nach mbíonn beag ní bhíonn mór. (Bearna/Forbacha)
- An bhó a bhíonns beo, gheibheann sí an fuarán. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] An bhó a bhíonn beo, faigheann sí an fuarán.
- An capall is mó marc is airde a chaitheann a thóin. (Cairbre)
- An fata beag leis an bhfata mór, nuair nach mbíonn aon anlann agat. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] An práta beag leis an bpráta mór, nuair nach mbíonn aon anlann agat.
- An Márta a mharaíonn na daoine. (Cairbre)
- An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona. (Baile an Chláir/Mionlach)
- An rud a tchí leanbh, ghní leanbh (Tír Chonaill)
(Nó: Rud a tchí leanbh, ghní leanbh, agus rud a chluin leanbh, is é a deir leanbh. Tír Chonaill) [Caighdeánaithe:] An rud a fheiceann leanbh, déanann leanbh, agus an rud a chluineann/chloiseann leanbh, is é a deir leanbh.
- An té a bhíos amuigh, fuaraíonn a chuid. (Bearna/Forbacha) [Caighdeánaithe:] An té a bhíonn amuigh, fuaraíonn a chuid.
[=An té atá i bhfad amuigh, fuarann a chuid air. (Árainn Mhór) "Fuaraíonn" a deirtear sa Chaighdeán.]
- An té a bhuailfeadh mo mhadadh, bhuailfeadh sé mé féin. (Tír Chonaill)
- An té a bhuailtear sa gcloigeann, bíonn faitíos air. (Maigh Eo)
- An té a gheobhas ainm éirí go luath thig leis luí go ham dinnéir. (Tír Chonaill)
- An té atá bréagach, tá sé bradach. (Tír Chonaill)
- An té atá thuas óltar deoch air, an té atá thíos buailtear cois air. (Bearna/Forbacha)
- An té nach bhfuil ciall aige, bheirfidh [= bhéarfaidh, tabharfaidh] an saol ciall dó. (Árainn Mhór)
- An té nach gcuireann an tEarrach ní bhaineann an Fómhar. (Bearna/Forbacha)
- An té nach n-iompróidh a chóta lá fliuch, ní bheidh sé aige drochlá. (Maigh Eo)
- As a ceann a bhlitear an bhó. (Bearna/Forbacha)
- As an mbeagán a thagann an mórán. (Bearna/Forbacha)
- Báisteach ó Dhia chugainn gan é a bheith fliuch, agus cuid an lae amáraigh go gcuire sé anocht. (Maigh Eo)
- Ba mhinic a bhris béal duine a shrón. (Maigh Eo)
- Bean táilliúra agus bean tincéara, sin beirt nár réitigh riamh le chéile. (Maigh Eo)
- Bíonn adharca fada ar na buaibh thar lear. (Bearna/Forbacha)
- Bíonn blas ar an mbeagán. (Maigh Eo)
- Bíonn cluasa ar na claíocha. (Tír Chonaill)
- Bíonn leacacha na dtithe móra sleamhain. (Oileán Chléire)
- Briseann an dúchas trí shúile an chait. (Maigh Eo; Tír Chonaill)
- Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic (Árainn Mhór); ...is na sléibhte (Rann na Feirste)
- Ceannaigh seanrud is bí gan aon rud. (Conamara; Árainn Mhór)
- Céard a dhéanfadh mac an chait ach luch a mharú. (Maigh Eo)
- Ceo ar abhainn ceo an tsonais. (Bearna/Forbacha)
- Ceo ar chnoc ceo an donais. (Bearna/Forbacha)
- Cíos do thiarna nó bia do leanbh. (Tír Chonaill)
- Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é. (Tír Chonaill)
- Dá dhonacht é an bothán is fearr é ná an seachrán. (Maigh Eo)
- Dá fheabhas teach Dé, is fearr bothán a bheith agat féin. (Maigh Eo)
- Dá mbeadh sé tirim go Samhain bheadh corraí ar dhuine éigin. (Tír Chonaill)
- Deartháir don tsac an mhála.
(Tír Chonaill)
- D'iarr mé cead ar mo mhamaí
agus d'iarr mé cead ar mo dheadaí agus is é mo léan géar nár fhan mé sa mbaile an lá sin. (Maigh Eo)
- Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac. (Maogh Eo)
- Faigheann na ba bás is bíonn an féar ag fás. (Maigh Eo)
- Fásann níos mó i ngort ná mar a chuirtear ann. (Tír Chonaill)
- Fiacla do charad agus claíomh do námhad an dá rud is measa ar bith.[COLM Ó CEALLAIGH]
- Gach aon mar a oiltear agus an fhuiseog sa mhónaidh. (Tír Chonaill)
- Ghníonn ríthe úra dlíthe úra. (Tír Chonaill)
- I dtosach na hócáide is ea is fusa a leigheas. (Bearna/Forbacha)
- I ndeireadh na coda troideann na coileáin. (Maigh Eo)
- I ndiaidh na mionna is fearr na mná. (Tír Chonaill)
- Is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán. (Maigh Eo)
- Is beag rud is buaine ná an duine. (Bearna/Forbacha; Rann na Feirste)
- Is binn béal ina thost. (Maigh Eo; Árainn Mhór)
- Is deacair an giorria a chur as an tor ina bhfuil sé. (Tír Chonaill)
- Is deacair ceann críonna a chur ar ghuailne óga. (Maigh Eo)
- Is deacair olann a bhaint den ghabhar. (Tír Chonaill)
- Is deartháir don bhloncán an crompán. (Maigh Eo)
- Is éard a dúirt an cat: is mairg a d'íosfadh ábhar an tsolais. (Maigh Eo)
- Is fada an bealach mór nach bhfuil casadh ann. (Árainn Mhór)
- Is fada romhainn é is gairid inár ndiaidh é. (Árainn Mhór)
- Is fearr éan sa lámh ná dó ar an gcraobh. (Maigh Eo)
- Is fearr an t-ádh ná éirí go moch. (Maigh Eo)
- Is fearr an troid ná an t-uaigneas. (Bearna/Forbacha)
- Is fearr beagán cúnta ná mórán truaighe. (Maigh Eo)
- Is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas. (Maigh Eo)
- Is fearr bean ná spré. (Maigh Eo)
- Is fearr bia ná ciall. (Maigh Eo)
- Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas. (Tír Chonaill)
- Is fearr suaimhneas ar shop ná bólacht ar chnocán. (Bearna/Forbacha)
- Is fearr suí i mbun ruda ná suí ina áit.(Bearna/Forbacha)
- Is fearr uaigneas maith ná droch-chomhluadar. (Maigh Eo)
- Is féidir le hairgead a lán díobhála a dhéanamh. (Maigh Eo)
- Is fusa tuitim ná éirí. (Maigh Eo)
- Is gaire cathair Dé ná an doras. (Maigh Eo)
- Is gaire do mhnaoi leithscéal ná a haprún. (Maigh Eo)
- Is geal leis an fhiach dhubh a ghearrcach féin. (Tír Chonaill)
- Is í an dias is troime is ísle a chromas a ceann. (Bearna/Forbacha)
- Is leithne an dúchas ná an oiliúint. (Tír Chonaill)
- Is maith an bádóir an té a bhíos ar an talamh. (Bearna/Forbacha)
[= Is maith an t-iománaí an té a bhíonns ar an gclaí. (Maigh Eo)]
- Is maith an duine a iompraíonn a charr féin. (Bearna/Forbacha)
- Is maith an scáthán súil carad. (Maigh Eo)
- Is maith an scéalaí an aimsir. (Maigh Eo)
- Is minic a bhí bromachán gioblach ina chapaillín chumasach. (Maigh Eo)
- Is minic a bhaineas duine slat a sciúras é féin. (Tír Chonaill).
- Is minic a bhí an t-ádh ar an bhfear a bhí ólta. (Maigh Eo).
- Is minic a bhris béal duine a shrón. (Maigh Eo)
- Is minic bocht cabach. (Bearna/Forbacha)
- Is minic bréag ar aonach. (Bearna/Forbacha)
- Is minic ciúin ciontach. (Bearna/Forbacha)
- Is olc an crann nach bhfaighfeá oiread duilliúir agna bhun [= ag a bhun] agus a dhóighfeadh é. (Tír Chonaill)
- Is olc an chú nach fiú fead a ligean uirthi. (Maigh Eo)
[= Is olc an cú nach dtig fead a dhéanamh air. (Tír Chonaill)
- Is treise dúchas ná oiliúint. (Maigh Eo)
- Má ghoireann an chuach ar chrann gan duilliúr, díol do bhó is ceannaigh arbhar. (Maigh Eo)
- Mar a ghní an cú mór, ghní an coileán. (Tír Chonaill)
- Más cam díreach an ród é, is é an bóthar mór an t-aicearra. (Maigh Eo)
- Más fada an lá tig an oíche. (Árainn Mhór)
- Más mian leat aithne a chur ar do chairde, dearmaid rud eicínt. (Maigh Eo)
- Má tá tú láidir bí Críostúil. (Árainn Mhór)
- Mol an óige agus tiocfaidh sí.
- Muna bhfuil agat ach boc gabhair, bí i lár an mhargaidh. (Tír Chonaill)
[= Mura mbí agat ach pocaide gabhair, bíodh sé i lár an aonaigh agat. (Maigh Eo)]
- Muna raibh rud de do chuid féin agat, déan do ghoradh leis an ngréin.[COLM Ó CEALLAIGH]
- Mura bhfeileann an caipín duit, ná caith é. (Maigh Eo)
- Mura n-íosfaidh tú anois é ní íosfaidh tú arís é. (Árainn Mhór)
- Ná caith amach an t-uisce salach nó go raibh an t-uisce glan istigh. (Maigh Eo)
- Ná díol do chearc lá fliuch. (Maigh Eo)
- Na héisc bheaga a bheathaíos na héisc mhóra. (Tír Chonaill)
- Ná santaigh an chaora fhómhair ná an cailín Domhnaigh. (Maigh Eo)
- Ní bhíonn ceann seanchríonna ar ghuailnibh óga. (Tír Chonaill)
- Ní bhíonn saoi gan locht. (Tír Chonaill)
- Ní breáthacht a chuirfeas an pota ag fiuchadh. (Maigh Eo)
- Ní cheapann béal druidte cuileoga ar bith. (Árainn Mhór)
- Ní chuimhnítear ar arán a itear.(Maigh Eo)
- Ní dhéanann béal dúchais aighneas. (Tír Chonaill)
- Ní dhéanfadh an béal gan bia. (Maigh Eo)
- Ní dhéanfaidh an chaint an obair. (Maigh Eo)
- Ní éadach a dhéanann an duine. (Maigh Eo)
- Ní féidir leis an muileann meilt leis an uisce a chuaigh thart. [COLM Ó CEALLAIGH]
- Ní fhaghann sinn bás faoi dhó. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] Ní fhaighimid bás faoi dhó. [Leagan eile:] Ní fhulaingtear bás faoi dhó. (Maigh Eo)
- Ní hiad na muca ciúine a itheas an triosc. (Tír Chonaill) [Caighdeánaithe: ...a itheann...]
- Ní hí an bhean is áille is troime ciall. (Maigh Eo)
- Ní hionann dul go baile mór agus a fhágáil. (Tír Chonaill)
- [= Ní hionann dhul sa mbaile mór agus é a fhágáil. (Maigh Eo)] [Caighdeánaithe:] Ní hionann dul go baile mór/sa bhaile mhór agus é a fhágáil.
- Níl aon tinteán mar do thinteán féin. (Tír Chonaill)
- Ní lia tír ná gnás. (Maigh Eo)
- Ní tháinig riamh an mheidhir mhór nach dtáinig ina diaidh an brón. (Tír Chonaill) [Caighdeánaithe:] Níor tháinig riamh an mheidhir mhór nár tháinig ina diaidh an brón.
- Ní théann cuileog sa mbéal atá dúnta. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] Ní théann cuileog sa bhéal atá dúnta
- Ní thigeann caonach ar chloch reatha. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] Ní thagann caonach ar chloch reatha.
- Ní thigeann ciall roimh aois. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] Ní thagann ciall roimh aois.
- Ní thuigeann an sáthach an seang, agus má thuigeann, chan in am. (Tír Chonaill) [Caighdeánaithe:] Ní thuigeann an sách an seang, agus má thuigeann, ní in am.
- Níl gar sa mbuaireamh ach éirí suas air. (Maigh Eo) [Caighdeánaithe:] Níl gar sa bhuaireamh ach éirí suas air.
- Níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis. (Bearna/Forbacha)
- Níor dhóigh an seanchat é féin riamh. (Maigh Eo)
- Níor dhruid Dia bearna riamh nár fhoscail Sé ceann eile. (Maigh Eo)
- Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn na luchóga ag damhsa. (Maigh Eo)
- Nuair a fhágtar an chú, ní fhaightear an giorria. (Maigh Eo)
- Nuair is crua don chailligh, caithfidh sí rith. (Maigh Eo)
- Ritheann uisce domhain go ciúin. (Maigh Eo)
- Rud ar bith leis an ocras a bhodhrú, a dúirt an damhán alla agus é ag ithe na míoltóige.[COLM Ó CEALLAIGH]
- Rud nach mbaineann duit, ná bain dó. (Árainn Mhór)
- Scallfaidh uisce fuar falsóir. (Tír Chonaill)
- Scuab úr, scuabfaidh sí glan. (Tír Chonaill)
- Seachain fear an achrainn. (Maigh Eo)
- Síleann fear na buile gurb é féin fear na céille. (Maigh Eo)
- Strócfaidh an chúnglach agus mairfidh an fhairsingeach. (Tír Chonaill)
- Tig iompar le foghlaim. (Tír Chonaill)
